School: Caolchoill (roll number 16087)
- Location:
- Kealkill, Co. Cork
- Teacher: Mícheál Ó Laoghaire
![The Schools’ Collection, Volume 0283, Page 097](https://doras.gaois.ie/cbes/CBES_0283%2FCBES_0283_097.jpg?width=1600&quality=85)
Archival Reference
The Schools’ Collection, Volume 0283, Page 097
Image and data © National Folklore Collection, UCD.
See copyright details.
DownloadOpen data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Caolchoill
- XML Page 097
- XML (no title)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
(no title) (continued)
“Deich mbliadhna agus dachad ó shoin agus roimis sin is dhócha bhí a lán daoine sa pharóisde seo...”
(continued from previous page)Gealbháin dob eadh é. Geabháin na gCearc an leas ainm do bhí air agus bé an cáréiridhe é do bhí ag na bodairí seo do bhí ag tógaint agus ag díol na gcorp. Is minic leis d'airighinn sean-daoine an ghleanna - mo athair agus daoine mar é - ghá rádh ná féádfhadh éinne teact in aon acamaireact do Ghealbháin san t-séipéal - aon Dómhnac go mbíodh sé de mí-ádh orra bheith le n-ais go gcaithidís gabháíl amach sar a mbíodh an t-Aifreann críochnuighthe mar ná feadfhadh éinne an baluighthe do bhí uaidh do sheasamh. Bhíodh ná píléirí ag faire féachaint an mbearfhaidís orra acht bé Donnchadh Ó Croínín agus fó-dhuine eile mar é do chuir stop leis an obair. Bhí Donnchadh na cómhnuidhe ar an nGleann-Craobhach (Gleann Craoch) agus tá a mhac i gCúm-Liath mar phríomh-oide anois. Ó'n mBarrlínn dob eadh é agus Donnchadh Beag Mhurtaí do thugadh a chómhnaosaí air. Nuair do cuireadh a athair Sean - Mhurtaí Ó Cróinín do chaith Donnchadh Beag gach oidhche ar feadh trí seactmhaine istig san reilg le gunna ag faire na h-uagha agus mo thruagh-sa an té do theangmhóchadh leis. As san amach níor tógadh aon chorp. Do h-innseadh dom leis ainmneacha a ndaoine go raibh an ceárd san acu ach ós rud é go bhfuil clann a gclainne (?) na gcómhnuidhe sa pharóisde fós. Is fearr gan na(continues on next page)