School: Caolchoill (roll number 16087)

Location:
Kealkill, Co. Cork
Teacher:
Mícheál Ó Laoghaire
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0283, Page 072

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0283, Page 072

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Caolchoill
  2. XML Page 072
  3. XML “Scéal Grinn”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. (continued from previous page)
    leabhaidh go dithneasach (dithnsreach) agus tháirig air a chuid eadaig. D'imthig sé go dtí an t-seípéal agus leíg sé an t-Aifreann. Ag filleadh abhaile dho tar éis Aifrinn do rádh do bhuail bean bhocht uime agus d'iarr sí déirc air. "A bhean mhácanta" arsa an sagart léi "níl leath phinginn ruadh agam agus dá mbeadh thabharfainn duit é." Chuaidh sí ar a dá glúin ar an mbóthar agus d'iarr sí ar son Dé air aon leath phinginn amháin do thabhairt di.
    "Ná deirim leat" arsa an sagart léi na fuil oireadh agus leath phinginn ruadh agam ach níor b'aon chabhair do bheith ag cainnt.
    D'fan sí annsan ar a dá glúin ar an mbóthar ag impídhe air rud éigin do thabhairt di.
    Chum a thaisbeaint di go raibh sé ag innsint na firinne do chuir sé a lámh clé na phóca agus thairig sé amach an líneáil. Chuir sé a lámh dheas sa phóca eile agus tháirig sé amach an lineáil ach céad glóire le Dia do thuit spalla leath-choróineach amach ar an mbóthar. Thug sé an leath-choróin di agus ní fios ciacu ar an mnaoi nó ar an sagart ba mhó do bhí iongnadh. Thabharfadh an sagart an leabhar ná raibh pinginn aige.
    Ba gheall le miorbhail é. Tháinig sé abhaile agus d'innis sé don sagart paróisde cad do thuit amach agus "mara miorbhail é sin" ar seisean "níl
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. genre
      1. verbal arts (~1,483)
        1. jokes (~6,086)
    Language
    Irish