School: Caolchoill (roll number 16087)
- Location:
- Kealkill, Co. Cork
- Teacher: Mícheál Ó Laoghaire
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)ar na sgéalta d'innsint.
An lá áirighthe seo do ghluais sé amach fé chnoc. Do chaith an fear bocht an lá ag siubhal mar bhí caora no beirt imighthe ar fán tar éis an fhiadhaig. Tímcheall a deich a chlog nó mar sin do ghlaoidh ceann de bhuachaillí an ghleanna isteach chúghainn feachaint an raibh se in ár dtigna ach ní raibh. Cuarduigheadh na haon tig sa ghleann do ach ní raibh sé le fagháil. Dubhairt gach aoinne gur bamhlaidh do shuidh sé síos in áit éigin agus go raibh sé leathte leis an bhfuacht mar bhí an donas ar an lá le fuaire. Lá dubh fuar dob eadh é, an gaoth ag séideadh anoir andeas ó Béal an Phoill agus cáithíní sneachtaig ag imtheacht leis an ngaoith. Tímceall leath-uair tar éis a haon-deug d'imthig da'r-dheug ghá chuardach. Bhí lanntéir ag gach fear agus thugadar a naghaidh ar Pholl-Cuimín-Gadhara mar b'in é an áit do bhuail sé uime duine do bhuachaillí an bhaile a bhí amuigh fé chnoc an lá chéadna. Chuarduigheadar tímceall chómh maith agus d'fhéadadar é agus annsan do sgaradar ó chéile. Chuaidh seisear ar an Leacain mBáin feachaint an mbeadh sé in aon tig ann agus chuaidh an seisear eile sios chum tighthe an Chumaruaidh. Is minic do thug sé cuaird ar na tighthe seo, agus cheapadar bféidir gurb amhlaigh(continues on next page)