Scoil: Tráigh Phraisce (C.) (uimhir rolla 5566)
- Suíomh:
- Trafrask, Co. Cork
- Múinteoir: Eibhlín, Bean Uí Chonghaile
![Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0280, Leathanach 295](https://doras.gaois.ie/cbes/CBES_0280%2FCBES_0280_295.jpg?width=1600&quality=85)
Tagairt chartlainne
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0280, Leathanach 295
Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.
Féach sonraí cóipchirt.
ÍoslódáilSonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Bí fear i Dún Baoí fadó fear saidbhbhir abh eadh é agus bíodh táinte ainmidhthe aige. Cuir se fóghra amach go raibh fear uaidh cun aire a tabhairt ar a chuid. Tháinig fear ó Shasana dó agus lug sé air beith ana macánta. Tar-éis seachtmain nó dhó fúair an fear saidbhir amach go raibh alán dá cuidh ainmhidhthe imtighthe uaidh. Tar-éis tamall ní raibh aige acht cúpla ainmhidhe agus bhí sé ag cuir an locht ar Ó Súilleabháin mar bhí fuadh idir an mbeirt. Bhí an fear a' diarraidh Ó Súilleabháin do crocadh. Tar-éis mórán trioblóide dó cuaidh sé saor úatha. Ach do gabhadar a compáinigh a bhí gaol eatartha agus do trialladh é ní dubairt sé a thuille. Do crochadh agus do trialladh é ní dubairt sé a thuille. Do crochadh é i gCeap na Páirce le téad.
Ní téigheann éinne isteach san áit ach deirtear go bfuil an téad ann fós agus an crann. Is é an fear ó Shasana a bíodh a goideadh na h-ainmidhthe agus bíodh áit aighe cun na h-ainmhidhthe do cur isteach ann i gCeap Na Páirce do réir mar a biodh se ag a goideadh. Tá ainm ar an áit in cuireadh se íad agus áit beag iseadh é agus tá falla súas le ocht troighthe ar aoirde mór-timceall air.- Bailitheoir
- Treasa De Blach
- Inscne
- Baineann