Scoil: Tráigh Phraisce (C.) (uimhir rolla 5566)

Suíomh:
Trafrask, Co. Cork
Múinteoir:
Eibhlín, Bean Uí Chonghaile
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0280, Leathanach 215

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0280, Leathanach 215

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Tráigh Phraisce (C.)
  2. XML Leathanach 215
  3. XML “Dealramh an Pharóiste Fadó”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. (ar lean ón leathanach roimhe)
    a bhí i gceannas ins an Baruntact ar fad sna meadhon aoiseanna. Is i nDun Baoi a bhí an priomh dun acu, acht bhí caisleán eile annso is annsúd mór timceall iarthar Corcaighe agus deisceart Ciarraighe. Cosamhail le gach aon treabh eile bhiodh éad agus easaontas eatortha uaireanta, agus biodh creac acu dá breith ó treibhibh eile agus na treabhanna eile ag lorg dioghalthais. Is eolas do gach aoinne an páirt a glac Ua Suilleabháin i gCogadh na Naoi mBliadhan, agus aon cosaint a dhein sé ar a caisleán i nDún Baoi, agus a mhairseál ó Gleann Garbh go Breiffní.

    Tá cosamhlact go raibh baint éigin ag saigdiurí Crombheil leis an áit, bíodh nár tháinig sé féin cómh fada siar leis an áit seo. Tá droicead treasna na Módhbhrach nach bhfuil act aon stuadh amháin ann agus deirtear gurab amhlaidh a bhí na saighdiúirí gá tógáil nuair a glaodadh thar n-ais go Corcaig ortha. Tá ath beag eile treasna abhainn Rín Mhín ar a dtugtar "Ath Crombheil." Siad na Faoitig na tíghearnaí talmhan a fuair na h-estáit go léir mór thímceall na h-áite seo. Tá slioct a sleacta ins an áit i gcomhnaidhe act níl fíor-beagán de'n talamh acu anois. Dó coimeádadar smact daingean ar na daoinibh agus innstear sgéalta grándha ar an saoghal cruaidh a bhí ag cuid des na tineóntaidhte bocta. Théigidis féin agus cuid des na "hAgents" tímceall o thig go tig ag iarraidh guthanna ó's na daoine agus aoinne a duiltuigheadh iad ní raibh i ndán dó act é caitheamh amach agus an bothán do cur tré theine.
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Teanga
    Gaeilge