School: Tráigh Phraisce (B.) (roll number 5565)

Location:
Trafrask, Co. Cork
Teacher:
Mícheál Ó Súilleabháin
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0280, Page 202

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0280, Page 202

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Tráigh Phraisce (B.)
  2. XML Page 202
  3. XML (no title)

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. (no title)

    Bhí sean-lanamha 'na gcómhnaí tuas...

    Bhí Sean-lanamha 'na gcómhnaí
    tuas i gCnocán an Aifrinn.
    Oidhche bhíodar istig ag ithe prataí as sgiatóigin i lár an úrláir gan ach droch-sholas ó'n teine aca
    Tháinig na daoine maithe isteach chúca agus bhí duine díobh an-liosta agus theastuig uaidh agus b'feidir uatha go léír beagáinín spóirt.
    Thóg sé práta as an sgiathóig agus bhuail sé fear an tighe idir an dá shúil
    Cheap an fear gur b'í an bhean a bhuail é agus d'aimsig seisean í sa leath-cheann le cnap mór. Seo cuige iad leis na prátáí go dtí ná raibh pratá sa sgiathóig.
    Annsan chualadar an gáire istig agus amuich agus ní fheacadar aoinne.
    Bhí a fhios acu annsan cia ba bhun leis an triobhóid agus aontuigheadar ar shos cómhraic láithreach.
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. agents (~1)
      1. supernatural and legendary beings (~14,864)
    Language
    English
    Collector
    M. Ó Suiliobhain
    Gender
    Male
    Occupation
    Sagart
    Address
    Adrigool, Co. Cork
    Informant
    Aine bean Uí Suiliobhain
    Gender
    Female
    Age
    75
    Address
    Cappanaparka East, Co. Cork