School: Urhan (B.) (roll number 12259)
- Location:
- Urhin, Co. Cork
- Teacher: Seán Ó Murchadha
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Urhan (B.)
- XML Page 241
- XML “An Triúr Cailleach”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)ach nuair do chuireadar Ceann Urachoir adtuaidh díobh dubhairt sí leis an inghin fanúnt theas ag an laog léi chun go dtugadh sí eolas an bhóthair dí féin mar do bhí sí gairid sa radharc ag an gcríonact.
Nuair do chuireadar Ceann Bhóluis díobh is amhlaidh do thug an inghean a hagaidh soir ar Oileán Maoileann i n-ionad dul cruinn díreach ó dheas go dtí an Tarbh, an Bhó 's an Laogh. Nuair do tháinig sí gairid don oileáinín d'aithin sí go raibh sí ag dul amugha agus do chonnaic sí Béara laisteas siar uaithi.
Do lúig sí ar an máthair stad go rabhadar ar seachrán slí. D'fhéachadar timcheall ortha féin agus i gcionn tamaill rug an inghean ar an slabhradh agus do bhí ag casad na Scairbhe laisteas siar; ach tar éis stracadh beag do bhaint aisti do bhris an slabhra uirthi. Do chuaidh sí go dtí an máthair annsan agus do bíodar ag casadh na Scairbe eile san treó chéadna ach do bhris an slabhra ortha arís agus b'éigean dóibh iad d'fhághail mar a rabhadar.
Tá an Scairbh agus Duibhinis san áit(continues on next page)- Collector
- Pádruig Ó Síothcháin
- Gender
- Male
- Address
- Caherkeen, Co. Cork
- Informant
- Máire Ní Shíothcháin
- Relation
- Grandparent
- Gender
- Female
- Address
- Caherkeen, Co. Cork