Scoil: Réidh na Scríne (C.), Ros Ó gCairbre (uimhir rolla 8750)

Suíomh:
Reanascreena, Co. Cork
Múinteoir:
Síle Ní Dhonnchadh
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0308, Leathanach 212

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0308, Leathanach 212

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Réidh na Scríne (C.), Ros Ó gCairbre
  2. XML Leathanach 212
  3. XML “Paróiste Chill Mín”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Deirtear gur in san paróiste seo do rugadh an file Seán Ó Coileán, ach tá tuairm eile ag daoine airithe adeir gur rugadh é idir Dún Maon Mhuighe agus Drom-Dhá-Liaig.
    Tá sé curtha sa reilg i gCill Mhín agus a athair leis. Scríobh sé an dán mar gheall ar Tighe Molaga.

    Sgéal. Beirt Shagart de mhuíntir Shúileabháin abhí in a gcomhnuidhe i bparóiste Cille Míne timcheall dhá chéad bliadhain ó shoin, de réir an sgéil. Do dúnmarbhuigheadh iad ar bhruach an "Airgidín"-in áit na tugtar Áth na h-Uidhre" uirthe.Dream darb ainm "Hawkins" a chuir cun báis iad. Tá siad curtha sa reilg i gCillgarbh in aice le Clanna Caoilte.
    Go dtí an lá seo tá muintear Hawkins san ceanntar céadna agus díolann siad "dues" leis an sagart i gCill Mín ( Cé gur Protastúnaigh iad féin.) cun 'dul ón mallacht, mar adeir na sean daoine . a thuitfeadh ortha . de thoradh a droch-gníomhartha.
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. genre
      1. poetry
        1. folk poetry (~9,504)
    Teanga
    Gaeilge