School: Baile an Tighearna (Ballyhearnay) (roll number 10819)

Location:
Ballyhearny West, Co. Kerry
Teacher:
Partolan Ó Gríbhthín
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0479, Page 143

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0479, Page 143

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Baile an Tighearna (Ballyhearnay)
  2. XML Page 143
  3. XML “Na Péindlíthe”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. (continued from previous page)
    timcheall na háite sin chun dul i bfollach ionnta. Gach Domhnach má bhíodh an sagart ábalta ar, thagadh sé agus leigeadh sé an Aifreann agus bhíodh beirt nú triúr ag fairre i dtreó Cúm an Easpoig agus cúpla duine eile an Chnocán fhaid is a bhíodh Aifreann á radh.
    Deireadh an sagart an tAifreann ann go minic agus bhíodh sé sabhailte gach uair. Annsan nuair a fuair na saighduirí amach áit an Aifrinn agus seifteanna an tsagairt thánaig siad acht bhí an sagart imthighte rómpa agus annsan chuaidh an sagart go dtí Eóchan agus dhein sé altóir ann agus glaoidhtí Carraig an Aifrinn air ó thoin i leith agus tá sé le feiscint ann fós.
    Deireadh sé an tAifreann ann ar feadh i bfad agus bhí saghas casáin fé thalamh inaice leis sin i bhFuithir ina théigheadh an sagart isteach agus thagadh sé amach ar bharra Eóchain agus is minic a bhí sé sabháilte ach uair amháin thánaig na saghdúirí i gan fhios agus ní raibh am ag an sagart chun dul i bfolach.
    Chuaidh sé isteach san gcásán agus chuaidh na saigdúirí ina dhiaid agus mharbhuigeadh an sagart agus é ag ealódh agus chlaidheamh ina láimh aige agus deirtear go bhfuil a chlaidheamh ann fós.
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. time
      1. historical periods by name (~25)
        1. penal times (~4,335)
    Language
    Irish
    Collector
    Eibhlís Ní Loingsigh
    Gender
    Female
    Address
    Coarha More, Co. Kerry
    Informant
    Muiris Ó Concubhair
    Gender
    Male
    Age
    52
    Occupation
    Feirmeoir
    Address
    Coarha More, Co. Kerry