School: An Clochar, Cathair Saidhbhín (roll number 13542)

Location:
Cahersiveen, Co. Kerry
Teacher:
An tSr. M. de Lourdes Stac
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0476, Page 246

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0476, Page 246

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: An Clochar, Cathair Saidhbhín
  2. XML Page 246
  3. XML “Paidreacha”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. (continued from previous page)
    bochta atá i ndorcadas agu i ndólás." Tá sé ráidhte gur ghaibh beirt cailíní amach mar seo, oidhche breágh, geal i dtosach an tséasuir. "Is bréagh an oidhche í, buidheachas le Dia, agus beannacht dílis Dé le h-anamnaibh lucht ár gcabhra" arsa duine aca. Níor bhraith sí aon tsaghas nídh go dtí gour labhair an guth taobh thiar di agus dubhairt leí mar seo, "sgaoil do ghuth fairsing." Dubhairt sí annsan "Beannacht Dé le h-anamaibh na marbh go léir." D'fhoghluim sé ceacht as an méíd sin. B'é sin gan dearmhad do dhéanamh ar na h-anamnaibh i n-a cuidg (?)
    Nós eile ag na sean-daoine ab' eadh na (?) féin do croiseachtain a gdul thar claidhthe teóainn a gcuid talmhan (?) a' iarraidh ar Dia iad do thabhairt thar nais ar an mball céadna gan masla, gan díoghbháíl agus gan asmhúchán. Nuair a chaitheann na sean-daoine uisge croiseacthain ortha féin, deirid "go dtógaidh Dia agus an t-uisge croiseacthan sinn." Is minic a deirtear "go mbrisidh Dia ár gcrosanna de lá is d'oidhche."
    Nós a bhí ag cuid de's na sean-daoine ab'eadh, agus go mór mhór na daoine a bhí tugtha do droch-chainnt, trí póganna a thabhairt do lic an teinteáin taréis a bpaidreacha bheith ráidhte aca ar maidin.
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. genre
      1. verbal arts (~1,483)
        1. prayers (~3,266)
    Language
    Irish