School: Gort Buidhe (roll number 14509)

Location:
Gortboy, Co. Kerry
Teacher:
Gilbert Mac Gearailt
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0471, Page 099

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0471, Page 099

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Gort Buidhe
  2. XML Page 099
  3. XML “Ainmhithe Allta”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. (continued from previous page)
    Ins an slighe seo is fuirist leis an dara madra é leagtha. Bíadh maith folláín iseadh feoil an bhruic-muice. Bíonn sé cosamhail le feoil na muice agus tá sé ana-mhéith. Bíonn sé go deas beirighthe le cabáíste. Ní ithtear feoil an bhruic-mhadra in aon chor. Díoltar croiceann an bhruic i gCillorglain i siopa atá ann. Ceithre sgillingí an luach atá air.

    AN MADRA UISCE
    Ainmhidhe aimfíobach iseadh an madra uisce. Comhnuigheann sé i bpoll i bport na habhann. Snámhann sé insan uisce agus siubhlann sé ar an bport. Beireann sé ar bhradáin ins an uisce. Tagann sé amach ar an talamh leis an mbradán agus itheann sé ceann an bhradáín agus fágann sé an cuid eile dhe ar an bport. Snámhann sé go tapaidh ins an uisce. Iompuigheann sé go tapaidh ins an uisce. Iompuigheann sé an bradán sios leis an tuille agus tachtann an tuisce an bradán agus is fuirist don mhadra-uisce an bradán do tarrach amach annsan. Tá croiceann dubh air agus bíónn spotaí bána air uaireannta. Rud luachmhar iseadh croiceann an mhadra uisce. Díoltar íad i gCillorglain ar dhá phúnt an ceann. Tá madraí uisce san Giodaig agus deineann síád scrios ar na bradáín gach Geimhreadh. Chidhfeá na bradáí ar phort na Giodaighe agus a gcinn ithte tar éis an mhadra-uisce.
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. agents (~1)
      1. animal-lore (~1,185)
    Language
    Irish