School: Gort Buidhe (roll number 14509)
- Location:
- Gortboy, Co. Kerry
- Teacher: Gilbert Mac Gearailt
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Gort Buidhe
- XML Page 083
- XML “Seancheirdeanna”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)in a bhfeirmeachaibh féín. Bhíódh teine-aoilig in gach feirm beagnach. Bhíodh móin mhaith dhubh fluirseach aca an t-am san.
17) HATADÓÍRDo dheinidís hataí as olann agus "lamp-black." Chaitheadh gach ógánach san tuat caidhp dubh.
18) LÍN-ÉADACHBhíodh líon ag fás sa pharóíste seo sa t-sean aimsear agus do dheineadh na mná léinteacha agus braitlíní as an lín-éadach. Do sheasadh na léínteacha agus na braitlíní ar feadh fiche blíadhan.
19) STAIMPÍ agus STAIRSAs phrátaí do dheinidís an staimpí agus an stairs. Sgríóbtaoí na prátaí le sgríobathóír agus do bhailighidís na prátaí sgríobhtha i bpíosa lín-éádaig. Do mheascaidís fíor uisce leis na prátaí sgríóbhtha. Sgagtaoí an tuisce annsan isteach i mbolla, agus b'shí í an stairs. Annsan do mheascaidís plúr leis na prátaí sgríóbtha agus do dheinidís ciste as, agus b'shin é an staimpí. Béile maith sláinteamhail do beadh císte staimpí.
20) GAIBHNEACHTBhí beirt nó triúir gabha sa pharóíste seo agus do dheinidís geataí, céachdaí, grafáín ramhainní agus rudaí eile don bhfeirmeoir. Do chomhnujigheadh Tadhg Gabha ag droichead na Geadaighe agus tá ceárdcha san áit cheána an lá indiu.- Informant
- Siobhán Bean Mhic Gearailt
- Gender
- Female
- Age
- 60
- Address
- Beaufort, Co. Kerry