Scoil: Fearann Iarthach (uimhir rolla 14183)
- Suíomh:
- An Fearann Iarthach, Co. Kerry
- Múinteoir: Seán Ó Murchadha
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Fearann Iarthach
- XML Leathanach 385
- XML “Na Filí”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Bhí Tomás Ruadh I dteannta Sheáin Uí Shiocfhradha istigh i nDairbre oidhche. Siochfhradha a bheadh máthair Thomáis agus bhí ghaol aca le na chéile. Ghaibh Tomás chuige isteach nuair a bhí sé i bPortmagee i múineadh scoile, cun fanamhaint 'na theannta ist oidhche; ach ar maidin annsin nuair d'oir do Siochfhradha é dhúiseacht , dubhairt sé:-
"Éirigh suas id shuidhe
A tharaine ruairc a' ghrinn
Bhí an oidhche fuar cois fallaí
chanadha
Agus tú ar leabaidh chanaidh gan tuighe".
Tomás:-
"Ar mo chluais a bhí
Foithin mhôr ó'n síon
Níor bhraitheas fuacht ná gaoth adtuaidh
Mar gheibheas chun suain nuair a luigheas"- Faisnéiseoir
- Pártalán Ó Gealbháin
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- Bun an Bhaile, Co. Kerry