Scoil: Fearann Iarthach (uimhir rolla 14183)
- Suíomh:
- An Fearann Iarthach, Co. Chiarraí
- Múinteoir: Seán Ó Murchadha
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Fearann Iarthach
- XML Leathanach 363
- XML “Amhrán na Gamhnaí”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
Amhrán na Gamhnaí
“Do chuadhas-sa anonn go Banndan”
1.
Do chuadhas-sa anonn go Banndan
Go h-aonach beag na Samhna
Ag ceannacht blúire gamhnaighe
Is ní bhfuaireas riamh ar ceann í, ar (?) ná ar bhráid.
2.
Do thugamar linn anall í go droichidín na Banndan
Is do chuireamar isteach go fothrach gan cheann í
Ná raibh díon inntí, ná sgáth.
3.
Bhí rinnce is ceól is damhsa ann
Is do luigheamar seal n-a dteannta
'S is gearr go rabhamair gan meabhair ann mar chách.
4.
Is nuair a bhfonn linn gluaiseacht
Ní raibh sí rómhainn, ná tuairisg
Dubhart-sa annsan le'm bhuachaill, an ghamhnach bheag úd d'fhágailt.(leanann ar an chéad leathanach eile)- Faisnéiseoir
- P. Mac Giolla Coda
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- An Lóthar, Co. Chiarraí