School: An Chathair (roll number 5119)

Location:
Caher West, Co. Kerry
Teacher:
Séamus Ó Tuathaigh
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0461, Page 576

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0461, Page 576

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: An Chathair
  2. XML Page 576
  3. XML “Insín na nÁr”
  4. XML “Ard Tuille”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. (continued from previous page)
    eile in a ndiaid agus throideadar cath ins an bpairc san agus marbhuigheadh gach fear díobh acht é féin. Annsan do chúm sé an bhéirse seo,
    Triúr is cúigear ó'n Scairt,
    Fear is seachtmhar ó'n mbórd Eóighinín,
    Do throideadar cath, i gcóir an creach,
    In Innsín Ghaorthaigh, ar bhruach an Ruachtaigh a's an t-Sín
    Do thug sé an creach dí annsan agus do fúair sé bás. 'Sé Innsín na n-Ár na n-Ár an ainm atá ar an áit ó shoin i leith.
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
  2. Tá baile fearthainn i gCill Garbháin ar an dtaobh thiar de agus Árd Tuille a tugtar air. Níl ann anois acht sean-fhothrach mar do dhóigh na h-Óglaig na h-Éireann é i mbliadhain míle naoi gcéad is a fiche nuair a bhí na Dubh Crónaigh in Éirinn.
    Timcheall dhá céad bliadhan ó shoin bhí chlann in a gcómnuidhe ann agus Orpan do b'ainm dóibh. Tighearnaí Talmhan do b'eadh iad. Bhí bean agus a mach ag obair leó, agus baintreabhach do b'eadh an bhean. Uair amháin bhí ál bainbhaí ag na h-Orpan, agus lá amháin chuaidh síad isteach sa choill agus um tráthnóna thánadar go léir abhaile acht ceann amháin
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Language
    Irish
    Informant
    Máiréad Bhean Uí Tuathig
    Gender
    Female
    Age
    72
    Occupation
    Bean feirmeora
    Address
    Gortalassa, Co. Kerry