Scoil: Siolbhrain (Shelbourne) (uimhir rolla 5235 or 5484)
- Suíomh:
- Gortrooskagh, Co. Kerry
- Múinteoir: Síghle, Bean Uí Thuama
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)go dtí Chill Garbháin, fuaireadar cúntas ar Éin go mbíodh sé in a chodladh insan Nead ar feadh an lae agus go dtiocfadh sé amach ar eirighe na gréine, ag saláthair do féin.
Ar breac an lae, thugadar a n-agaidh go Ceann Mara. Chuaidh Fionn Mac Cumhail go dtí nead Éin, ina aonfhear. D'airig Éin é ag teacht, léim sé amach as a nead, & d'iarr sé air troid. Bhuaileadar ar a chéile, dheineadar bogach de'n talamh cruaidh, & dheineadar an talamh cruaidh den múnlach. B'uabheásach an cath é! Ag tuitim na hoidhche bhuail Fionn iarracht de'n cliamh air, & do chaith sé an lámh de.
Dubhairt an fhathach leis gan an cheann a bhaint de, & go dtabharfeadh sé ór agus airgead dó. D'fhreagar Fionn go mbeadh siad san aige, & a cheann leis & bhain sé a cheann de!
Tháinig na daoine anuas ó's na cnocaibh & ó's na sléibhtibh, & cuireadar féasta breágh roimh na Fianna. _ _ _ _ _
Ach connus mar airigh Rí Cormac an sgéal? Do chuireadh fear ar gach aon chnoc ó stráid Neidín go Teamhair. Nuair a bhí an scrios déanta ag Fionn, do leigh sé fead as, & cúig céad glaodh, do dhein an fear is giorra do amhlaidh do lean an feadaoíl mar sin, ag gach fear ar barr chnuic, go tí go raibh an scéal ag Cormac.- Faisnéiseoir
- Seán Ó Ceallacháin
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 73
- Gairm bheatha
- Feirmeoir (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
- Seoladh
- Ashgrove, Co. Kerry