School: Cnoc na Bró
- Location:
- Knocknabro, Co. Kerry
- Teacher: Mícheál Ó Scannaill
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Cnoc na Bró
- XML Page 631
- XML “Ó Guíll”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)tabharthas ort.
Nuair a bhí sé ag dul abhaile bhí sé ag doras an halla roimis. “Dein maith d’focal” ar sise. “Ní raibh aon nídh a tabharfhadh sé di acht a capall is a caráiste, is thug sé di íad agus d'imthig sé leis abhaile ag siubhal. D’fhan sí sa tig ag Ó Gúill agus bhí sí ró-chabanta do na cailíní go léir. Bhí cathaoir ag Ó Gúill féin agus ní raibh cead ag aoine suidhe inte act é féin. Aoine a suidhfeadh inte geobhad sé píonós mór. Do shuid sí sa cathaoir. Dúbhradar léi éirighe nó marófaí í. “Go deimhin ní marófar” ar sise. Bhí sí ‘na suidhe ar an gcathaoir núair a tháinig Ó gúill isteach. Rug sé ar a claidheamh chuici. “Cad is eagal don bhfaobar?” ar seisean. “Cloch” ar sise.
“Cad is eagal do’n chloch?” ar seisean. “Teine ‘á dhóghadh” ar sise. “Cad is eagal do’n teine?” ar seisean. “Uisce ‘a múchadh” ar sise. “Cad is eagal do’n uisce?” ar seisean.(continues on next page)