Scoil: Clochar na Trócaire, Cill Áirne
- Suíomh:
- Killarney, Co. Kerry
- Múinteoir: Na Siúracha
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)Cuirtí uisge an tarna h-uair agus ba bhréagh led chroidhe bheith á ithe nuair a leigtí é bhíodh sé cómh bréagh cómh folláin san.
Bainne. Nuair a tugtaí maothail dá gcómhursain deirtí nách ceart an t-árthach do leigint abhaile follamh. Gráinne salainn nó ubh nó b’fhéidir dá ceann a cuirtí ann.
Arán. Do thabharfá trí púnt ar mála mine blian an droch shaoghail agus ní fhéadfá é d-itheadh bheadh sé ró garbh. D’íosfaidís annsan é i leithin. Ní bheadh acu acht dá béile sa ló an bricfeast agus an suipéar. D’ithidís an bricfeast ar a h-aon déig agus an suipéar ar a sé a clog. Bhídís ag obair roimh an bricfeast. Bhíodh leite acu i gcóir bricfeasta agus bainne agus leite i gcóir an t-suipéir. Bhíodh bórd acu i lár an tighe d’ithtí iasg – marcraol, sgadán, gabhar agus pollóga. Rághfá sa tráigh Aoinne an Céasta agus tabharfá leath miodhbhán agus barnaig agus “perries “ agus déanfá annlan díobh led chuid bídh nuair ná bheadh a malairt agat.
Nodlaig. Bhíodh cuiríní agus jam aca agus arán plúir agus arán bán agus bhíodh dá coinneal ar lasadh ins gach tig.
An taran Chief agus an “Kerr pink” na prátaí a b’fhearr dar leo.(leanann ar an chéad leathanach eile)- Faisnéiseoir
- Bean Uí Bhuirtinig
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- Killarney, Co. Kerry