Scoil: Gníomh go Leith (B.) (uimhir rolla 1703)

Suíomh:
Gneevgullia, Co. Kerry
Múinteoir:
Cormac Ó Laoghaire
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0451, Leathanach 347

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0451, Leathanach 347

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Gníomh go Leith (B.)
  2. XML Leathanach 347
  3. XML “Scéalta i dtaobh na bhFilí - Scéal eile i dtaobh Aodhgáin”
  4. XML “Scéalta i dtaobh na bhFilí - Scéal i dtaobh Eoin Rua”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Níl tú logáilte isteach, ach tá fáilte romhat tras-scríobh a dhéanamh go hanaithnid. Sa chás seo, déanfar do sheoladh IP a stóráil ar mhaithe le rialú cáilíochta.
    (ar lean ón leathanach roimhe)
    Conas tras-scríobh a dhéanamh »
    Má chliceálann tú ar an gcnaipe sábhála, glacann tú leis go mbeidh do shaothar ar fáil faoi cheadúnas Creative Commons Attribution-NonCommercial 4.0 International License agus gur leor nasc chuig dúchas.ie mar aitreabúideacht.
  2. Timcheall le caogadh blian ó shoin, bhí sé de nós ag na fearaibh óga, dul síos go Co. Luimnighe, cun an bFóghmhar do dhéanamh.Do bhaluigheadh scata fear le chéile, agus i gcómhnuidhe 'na measch, do bhí Eóghan Ruadh. Ar a ndul síos dóibh, do bhíodh Eóghan ag innsint na scéalta, agus ag canadh na ndán dóibh.
    Annsan do thosnuighidís ag obair le feirmeóir, ag baint an fheir, is á' tharraingt isteach, agus ag baint na bprátaí. Ar aon chuma, bhíodar an lá so ag tarraingt an fheir isteach, agus bhí Eoghan Ruadh ann. Do b'é donas an scéil ar fad ná, an págh shuarach a gheibhidís. Um thráthnóna, nuair a bhí an sop deireannach churtha suas ar an gcruaich, tháinig an feirmeóir féin. Fear mór beathuighthe do b'eadh é, agus bhí rian a choda air.
    Do bhí na pící go léir sáidhthe ar an dtalamh, agus bhí na fir ag sileadh a gcuid alluis tar éis an lae. "Cá bhfuil an Ciarraigrach" arsan feirmeóir. "Annso" arsa Eóghain. "Bhel a fhir mhaith," "an bhfeachais ríamh cruach i gCiarraighe cómh mór le sin" ar siesean. "Dhera a dhuine ná bhí ag magadh fuat". "Mo thruagh do cheann a phlaicidhe" arsa Eóghain, "tá cruacha i gCiarraighe, agus ní dheinfeadh an chruach sin súgáin dóibh." Láithreach bonn, do chuir sé sceón agus crith eagla ar an
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.