Scoil: Cnoc an Fhiolair (uimhir rolla ?)
- Suíomh:
- Coollegrean, Co. Kerry
- Múinteoir: Liam Ó Hargáin
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)cainnt. "Inneosad-sa dhuit é - bhí sé annso bliain agus an lá amáireach 7 bhí triúr mac aige. D'imthigeadar amach ag fiadhach. Tá tor annsan thíos agus níl aon lá sa bhliian ná éirigheann girrfhiadh as an dtor san. Tá leath di 'na ór 7 an leath eile di 'na shíoda 7 téigheann sí isteach sa sean-chaisleán san thíos 7 aoinne a leanann isteach sa chaisleán í ní thagann siad amach".D'imthig sé féin agus fear a' tighe síos ar maidin go dtí an tor. Nuair a bhuaileadar an tor d'éirigh an girrfhiadh as. Leanadar í go dtí an caisleán 7 chuaidh sí isteach. D'imthigh an fear óg isteach 'na diaidh. Nuair a chuaidh sé isteach bhí sé ag féachaint mór dtimcheall air. Chonnaic sé í annsan 'na suidhe ar fuinneoig ar bharr an chaisleáin. "Táir annsan" ars an fear óg léi. "Táim" ar sise, "agus táir annsan". "Cad tá ort" ars an fear óg "go bhfuilir annsan". "An dúthaigh a thánag as bhí sean-bhean ann agus bhí draoidheacht aici. Chuir sí draoidheacht orm. Is fadó dubhairt seandraoi lem athair ná bainfeadh aoinne an draoidheacht díom ach mac baintreabhaighe ó Éirinn." "Cad a chaithfead a dhéanamh chun an draoidheacht a bhaint díot" ar seisean.
"Inneosad-sa dhuit é" ar sise "caithfear fanacht annso go dtí uair a' dáréag anocht. Tiocfaidh triúr gaiscidheach isteach 7 beidh trí claidheamh acu. Beidh siad id' chaitheamh ó chlaidheamh go claidheamh go nglaodhfaidh an coileach atá annsan thíos ar bhruach na fairrge ar(leanann ar an chéad leathanach eile)- Faisnéiseoir
- Donnchadha Ó Cuilleanáin
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 72
- Gairm bheatha
- Oibrí (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
- Seoladh
- Reacaslagh, Co. Kerry