Scoil: Cnoc an Fhiolair (uimhir rolla ?)
- Suíomh:
- Cúil le Gréin, Co. Chiarraí
- Múinteoir: Liam Ó Hargáin
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)maidin. Ní fheudfair aon fhocal do labhairt ná aon scread do chur asat nú go n-imtheóchaidh siad amach."Do shuidh sé síos annsan nú gur tháinig uair a' dáréag. Chrom na gaisgídhidh ar gháirídhe nuair a chonnacadar an spórt a bheadh acu air. Do dhírigheadar air 7 chromadar ar é chaitheamh ó chlaidheamh go claidheamh nú gur ghlaoidh an coileach. Nuair d'imthigheadar amach tháinig sé anuas agus chimil sí beannach bhí aici dhe, agus bhí sé chomh slán 7 bhí sé riamh."An gcaithfead a thuille do dhéanaimh" ar seisean "caithfidh tú an cleas ceadna do dhéanamh istoídhche aríst," ar sise. Thánadar isteach istoidhche airíst agus chromadar ar an rud ceadna - "é chaitheamh ó chlaidheamh go claidheamh nú gur ghlaoidh an coileach. Nuair a d'imthigheadar amach tháinig sí anuas agus chimil sí beannach bhí aici dhe 7 bhí sé chomh slán 7 bhí sé riamh. Bhí leath di 'na bhean annsan 7 an leath eile 'na ór. "An gcaithfead ao' rud eile do dhéanamh anois, ar seisean. "Caithfir fanacht anuas airíst istoidhche amáireach 7 an rud ceadna do dhéanamh", ar sise.Tháinig na triúr fathach isteach istoidhche agus thosnuigheadar ar é chaitheamh de gearrtha. Tháinig sí anuas annsan agus chimil sí an beannach de 7 bhí sí ar ceann desna mnáibh ba bhreaghtha gur las an ghrian riamh uirthi. "An gcaithfead-sa ao' rud eile do dhéanamh," ar seisean. "Caithfear-sa fanacht ar(leanann ar an chéad leathanach eile)
- Faisnéiseoir
- Donnchadha Ó Cuilleanáin
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 72
- Gairm bheatha
- Oibrí (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
- Seoladh
- Ré Chaislí, Co. Chiarraí