School: O'Brennan, Baile Mhic Ealgóid, Tráighlí

Location:
Tonreagh Lower, Co. Kerry
Teacher:
Pádraig Ó Loingsigh
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0444, Page 304

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0444, Page 304

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: O'Brennan, Baile Mhic Ealgóid, Tráighlí
  2. XML Page 304
  3. XML “An Dúthaigh thart timpeall na Scoile”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. (continued from previous page)
    dos na feirmeóirí ag claoi anois lé barraí do chur ó d'imthig na h-aontaighe agus luacha móra na mbeithíoch reamhar ar seachrán.
    Tá an áit lán d'ubhallgoirt, agus is maith clúthmhar an dúthaigh í do na leithéidí, agus is breagh folláin na h-ubhla a fhásann ar chrannaibh ann. Fé mar a dubhairt Donnchadh Ruadh:-
    "Tagaid na h-ubhla cumhra ag geugaibh ann"

    Cloch-aoil ar fad atá fé'n dtalamh íseal, agus an t-sean ruadh chloch gainimhe fé'i(?) na sleibhte (Staic agus Mis) Tógadh Bearraic na Saighdiúirí i dTráighlí lé cloch-aoil an pharóiste seo. Bristear go mion í leis i gcóir na mbóthar agus dá brígh sin tá a lán coiréal sa dúthaigh. Is minic leis a chídhtear áith ag duine ná bíonn aon cloch-aoil fé'n a chuid talmhan. Is amhlaidh a tharraingteann sé cloch-aoil ó áiteanna n-a mbíonn sí chun í dhóghadh san áit: lé teas na h-átha deintear aol dí agus úsáidthear é seo cun talammh d'aolú. Chonnac féin ádhbhairín de mhianach airgead-luaidhe a fuarathas i bpáirc Risteaird Uí Dhiaghaidh i Lios Ubhaillín. 'Sé luaidhe atá i bhfurmhór de'n mhianach seo - mar do thriallas é sin i Scoil na gCeárd i dTráighlí.
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Language
    English