School: Curry (C.) (roll number 12067)
- Location:
- Curry, Co. Sligo
- Teacher: Bean Uí Chaomháin
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Curry (C.)
- XML Page 0572
- XML “Scéal”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Bhí bean in a cómhnuidhe i gCaiseal, agus maidin Dómhnaigh bhí sím ag cur faoi réir chun dul go dí an Aifreann, mar bhí sé ag druideam leis an am. D'imthigh sí agus ní raibh sí i bhfad ithighthe soir an bóthar nuair a bhuail pinghin leí. Chrom sí agus thóg sí é, agus ar gach aon coisceím nach mór, annsin, bhíodh pingin roimpi. Do chromadh sí agus do thógadh sí an pingin i gcómhnaidhe go dtí go raibh a h-aprúin líonta, sara raibh sí buailte le corraidh. Chuaidh sí isteach i dTigh an Aifreann annsin ach bhí an t-Aifreann caillte aice.
Dubhairt sí 'na h-aigne féin nach aon ní cóir a chuir an t-airgead sa treo roimpi agus a rádh gur chaill sí an t-aifreann dá bhárr.
D'fhan sí annsin go raibh an t-Aifreann i leathtaoibh agus na daoine go léir bailighthe leó abhaile. Dubhairt sí léi feín go rachard sí chuig an sagart agus go n-innsóchadh sí dó i dtaoibh an airgid a bhuail léi ar an gcasán, ar theacht dí, agus gur chaill sí an t-Aifreann dá bhárr.
Ní fheadar cioca an t-athair Sheáin nó an t-athair Thomáis a bhí mar shagart san am. Chuaidh sí ag triall ar an sagart(continues on next page)- Collector
- Caitlín Ní Mhurtaigh
- Gender
- Female
- Informant
- John Tomás
- Gender
- Male