School: Curry (C.) (roll number 12067)

Location:
Curry, Co. Sligo
Teacher:
Bean Uí Chaomháin
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0170, Page 0523

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0170, Page 0523

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Curry (C.)
  2. XML Page 0523
  3. XML “Scéal”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. Bhí sagart ann uair amháin, agus cheap sé go raibh sé chómh naomhtha sin, agus go mba cheart é chrochadh suas go na Flaithis gan bás ar bith a fhágháil. Bhí sé amuigh lá ag léigheamh a thrátha, agus tháinic sé ’n-a inntinn go mbadh cheart, tháinic an gut go dtí é, agus dubhairt an guth go mbeadh bean an leanna agus an gaduidhe caorach roimhe. Cheap sé annsin nach ngabhfadh sé go na Flaithis go deo, dá mbeadh bean an leanna agus an gaduidhe caorach chun tosach air.
    D’imthigh leis indiaidh a cinn roimhe, agus bhí sé ag dul thar teach osta, agus bhuail sé isteach ann agus d’iarr sé deoch. Chuaidh an bean ag líonadh pionta leanna dhó, agus an fhad ’s bhí sí dhá líonadh bhí deora ag tuitim ó na súilí.
    “Cén chiall na deóra a bheith ag tuitim ó do shúilí?” adeir an sagart.
    “Tá,” ar sise, “níor líon mé aon phionta leanna ariamh nach mbeadh na deóra ag tuitim liom nuair fheicim an cubhar, mar is cubhar a tháinic ó thaobh an t-Slánuightheóra nuair a cuireadh an tsleagh ann. Is túisge an cubhar ná an fuil.”
    D’imthigh leis, agus níor labhair sé ná níor leig sé air héin go mbadh sagart é chor ar bith.
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Folktales index
    AT0756B: The Devil's Contract
    Language
    Irish
    Collector
    Caitlín Ní Mhurtaigh
    Gender
    Female
    Informant
    Atty Micheál Bán
    Gender
    Male