School: Dubhghlas (C.)

Location:
Douglas, Co. Kerry
Teacher:
Eibhlín, Bean de Róiste
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0435, Page 311

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0435, Page 311

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Dubhghlas (C.)
  2. XML Page 311
  3. XML (no title)

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. (no title) (continued)

    Sé an ainm atá ar mo bhaile fearann ná Slinn. Fuari sé a ainm ó choiréal slinne atá i gcoill bheag atá san áit.

    (continued from previous page)
    Peile do b’eadh Cnocán a’Rae sa tsean aimsir.
    Deirtear leis gur minic a throid na fathaigh eadtarra fein annso agus is dócha b’é ceann acu a fuair bás ann. Is minic d’innis mo shean-athair an scéal so dúinne:- Oidhche amháin bhí mo shean-athair ag teacht abhaile, agus bhí sé ag gabháil tré’n Sliabh seo (Cnocán a’Raé) agus chonnaic sé na sidheoga ag imirt iomanuidheachta, agus do thógadar a hata dhe. Dubhairt sé leo ‘comán a thabhairt dó’ agus go mbeadh sé ag imirt leo da dtabharaidís a hata thar n-ais do. Nior thugadar an comán dó i n-aon chor, ach is amhlaidh a chuireadar i n-a sheasamh ag béal báire é ag tabhairt aire dhó, agus choiméadar ann é ar feadh dhá uair in a dhiadh san.
    Chuadar as a radhairc annsan agus d’imthigh se abhaile. Ní bhfuair sé a h-ata go dtí lar na bháireach
    Síle ní Dhuigín,
    Slinn. Cill Orglan
    Diarmuid a’Phúca go raibh adhairce agus crúba air
    Meigeall mór clúimh air ar nós an phocáin
    N’fheacaidh a chómharsa riamh stoca ná bróg air,
    Ach peidhre breagh lóipiní is iad ag slapáil.
    (Síle ní Dhuigín)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Language
    Irish
    Collector
    Síle Ní Dhuigín
    Gender
    Female
    Address
    Killorglin, Co. Kerry
    Informant
    Seán P. Ó Duigín
    Gender
    Male
    Age
    86
    Occupation
    Saor cloiche
    Address
    Killorglin, Co. Kerry