School: Baile Uí Dhuibhne

Location:
Baile Uí Dhuinn, Co. Kerry
Teacher:
Seán Ó Loingsigh
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0429, Page 683

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0429, Page 683

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Baile Uí Dhuibhne
  2. XML Page 683
  3. XML “Daoine Cáiliúla”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. (continued from previous page)
    2) na Mórdhaigh (o'n Cé)

    Tháinig Seán Ó Seadhga Tomás Ó Loinsig agus Micí Ó Dúbhda go dtí rá naomhóg i bhí sa nDaingean agus do chúadar ag tarrac an ráis agus do bhúaldhar é agus do bhúadhar ar an drom ba láidire dá raibh ar an gCé

    2) Do bhí cearthrar fir des na Mórdhaigh na gcómhnuidhe san Cé agus do chúadar go dtí Luimneach le lasta éisc i naomhóig agus núair a bhíodar ag teacht abhaile do bhúadar rás naomhóg i gCairraig Comhalthaig. Núair a thánadar abhaile, do bhí Captaén De Mullyns ins an Cé rómpa agus dúbhairt sé leótha go raibh rás naomhóg le bheith ins an Daingean. Chúadar go dtí an Daingean chun an ráis do tharrac agus do bhúadhar é.
    Cuala an sceal sin ó Sheán Ó Bhríc

    Siad na Fir dob' fhearr chun siubhail sa dhá pharóiste seo ná:-
    1) Micí Sheamus (Gearailt) (ó'n gCé)
    2) Mícheál Ó Fínn (ó Bhaile Uí Dhuibhne)
    1) Do chuaidh sé go dtí Traiglí agus abhaile arís i h-oct n-úáire gan aon stad. Nuair a tháinig sé abhaile chuaidh sé go dtí Baile Mor (ait anaice leis an gCé) chun na ba do thabhairt abhaile. Chuaidh sé go dtí Liosnacaolbhuidhe an oidhche sin.
    2) Do siubal Míceál Ó Finn ó Bhaile Uí Duibhne go dtí Caisleán Greidhre ar uair a chlóíg

    Cuala na scealta seó ó Seamus Mac Gearailt mach do Micí Sheamuis.
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. agents (~1)
      1. historical persons (~5,068)
    Language
    Irish
    Informant
    Seamus Mac Gearailt
    Gender
    Male