Scoil: Baile Uí Dhuibhne, Caisleán Ghriaire

Suíomh:
Baile Uí Dhuinn, Co. Kerry
Múinteoir:
Seán Ó Loingsigh
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0429, Leathanach 119

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0429, Leathanach 119

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Baile Uí Dhuibhne, Caisleán Ghriaire
  2. XML Leathanach 119
  3. XML “Comhairle do Chailíní Óga”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. 119/168
    Brigidh Ní Ghrainne 13 bl. ó na seanmháthair 76 bl a mhaireann fós.
    Cómhairle do chailíní óga
    I
    A chailíní diaguidthe atá fe riaghail
    ag Rígh na nGrást.
    Bídhídh ciúin, tais, banamhail, ciallmhar go dian
    lasta le h-iomad grádh,
    Faisin úrach spiacach (spiagach?) ar bhúr n-éadach ná bíodh
    go bráth,
    Ná bhúr gceann (?) go guagach piacach, más mian
    libh na flaithis d’fhághail.
    II
    Spórt ‘s ceol an t-saoghail seo tréigídh de
    ghrádh do Dhia
    Na h-óig-fhir shúgaig seachnuighídh, chun na géilleadh
    sibh do chaithibh an diabhail.
    Gach cailín fós dá spéireamhail is baoghalach dóibh
    a gcleasuíocht ndian,
    Mar tá cúis an pheaca á gclaonú gan staonadh
    go dtí na namhaid riamh.
    III
    Más méin libh fanacht gan céile le géilleadh ‘s le grádh
    do Dia.
    Bhúr smaointe bíodh go naomhta, ‘s bhúr scéimh-chruth
    curtha fé riaghail
    Seasuighidh amach go láidir ‘s sáruíghidh bhúr namhaid
    de ‘síor
    ‘S le cungnamh ceart na Páise, agus an Slánuightheor’
    Sluagh anaoird[e?]
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. genre
      1. poetry
        1. folk poetry (~9,504)
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Brighid Ní Ghrainne
    Inscne
    Baineann
    Aois
    13