Scoil: Baile Uí Dhuibhne, Caisleán Ghriaire
- Suíomh:
- Baile Uí Dhuinn, Co. Kerry
- Múinteoir: Seán Ó Loingsigh
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Baile Uí Dhuibhne, Caisleán Ghriaire
- XML Leathanach 096
- XML “An Bhean go dTug Dia na Maoin di, ach gur Cheil sé an Croí uirthi”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- 96/168(An bhean go dtus Dia na Maoin di, ach gur cheil Sé an croidhe uirthi)Fadó bhí cailín bocht dealbh a siubhal roimpi; a d’iarraidh déarca bíodh sí. Tráthnóna déanach amháin, bhí sí a’ lorg lóistín na h-oidhche dhi féin. Ach theip uirthi é fhagháil. Ní leigfeadh éinne istig í - éinne san bhaile beag seo a bhí ar thaobh bóthair. Bhí sí ag casadh ó’n áit nuair a bhuail fear léi ag bun an bhaile agus dúbhairt se leithi: Dul go tig sa chomharsanacht, mar a raibh duine de’n tig sin fé chlár an oidhche sin.
Dhein sé í thionlacan cuid den slighe i gcás ná féadfadh sí dul amú, agus nuair a bhíodar ag dul i gcomhangar an tíge, dúbhart an stróinséir seo léithi, nuair a raghadh sí isteach, agus nuair a chloisfeadh sí fear a tíge a’ lorg ar na cailíní a bheadh ann’ an té a dhéanamh, agus má dhiúltóchaidís é, é dhéanamh í féin. Dúbhairt sí léis go ndéanfadh sí amhlaidh. D’imig sí uaidh annsan agus chuaidh sí isteach go tig na farrtha.
Taréis tamaill de’n oidhche d’iarr fear a-tíghe ar na cailíní a bhí istig, an té do dhéanamh, ach thug gach duine aca leath-scéal éicint do sa timpeall. D’eirig an cailín bocht si agus iarr sí cead air é déanamh, agus fuair sí é sin go fonnamhar.(leanann ar an chéad leathanach eile)- Faisnéiseoir
- Seán d'h Órdha
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 58