Scoil: Ceanntrágha (Ventry)
- Suíomh:
- Ceann Trá, Co. Kerry
- Múinteoir: Donncha Ó Cúrnáin
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)D'ullmhaig sé é féin agus líon sé a mhála do "chupaí briste" agus do phreab air a chapall agus d'imthig sé leis. Nuair do bhí a ghnó déanta i d-Tráighlí chuir sé chuin bhóthair abhaile agus nuair do bhí sé cúpla míle don mbhóthar, bhuaileadar leis. Rugadar ar an gcapall agus dúbhradar leis an méid airgid is do bhí aige do thabhairt dóibh nó go mharbhóchaidís é.
Fanaidh amach uaim go fóill ar sé agus tabhairfhaid mé dhíbh cuid den airgead. Níor dhein sé an rud ach an sparán des na "cupaí briste" do chaitheamh lé fánaig síos, agus d'imthig an ceathrar i ndiaidh an sparáin feachaint ciaca acu go mbheadh sí aca. Do bhí capall breágh acu so agus nuair chonnaic an buachaill aimsire go rabhadar imtighthe phreab sé ináirde ar an gcapall agus seo leis abhaile go dtí an maighistir.
Nuair do thánághadar ar barra ní raibh a gcapall lé fághailt, Á ta san deanta ar siad lé chéile. Tá a fhios agam cad do dheanfhad arsa duine aca, imtheóchad ar fuaid na h-Eireann daindeóin an garsún sin dá mbheadh sé beirtighthe i gcorcán praisig. Leigfhead orm go mbheid mé bocach. Rinne sé amhlaid, lá dos na laethannta bhuail an bacach chúcha isteach; an mailín shiar air agus maide na láimh aige. Thugadar deirc do. Stróinséir iseadh mise annso(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Mícheál Ó h-Ualacháin
- Seoladh
- Cill Mhic an Domhnaigh, Co. Kerry
- Faisnéiseoir
- Siobhán
- Gaol
- Seantuismitheoir
- Inscne
- Baineann
- Aois
- 75