School: Na Gleannta

Location:
Na Gleannta Theas, Co. Kerry
Teacher:
Ss. Ó Conchabhair
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0421, Page 344

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0421, Page 344

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Na Gleannta
  2. XML Page 344
  3. XML “Lá Maraithe na bhFear”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. (continued from previous page)
    344
    béigin do gach fear leabhar a thabhairt go ragadh sé síos go dtí an Daingean lá ar na mháireach chun saighdúirí Shasana do throid.
    Chuadar síos ach ní raibh acu ach spealaibh agus picí. Bhí airm níos fearr ag na saighdúirí. Thanagadar le chéile ag Bóthar na Leac inaice Daingean Uí Chúise. Is annsan bhí an chath acu. Sul a raibh an cath críocnuithe do theith Gloster ach do marbhuibheadh ceathrar déag dá chuid fear.
    Thánagadar go dtí Baile an Mhuilin lámh leis an Daingean. Do theith na daoine go léir uatha nuair connacadar ag teacht iad. Chonnaic na saighdúirí iad agus d'iarradar cead ar an gcaptaon iad a mharbhú, ach dubhairt sé leó leigint dóibh.
    " Daoine bochta iseadh iad go léir", ar seisean.
    Lá eile leis thánagadar go tigh Tomás Éamon Mac Gearailt sa Gleann agus thosnuigh an gadhar ag sceamhghail ortha agus do lámhach duine acu é. Bhí a thuille acu thíos ar an mbóthar agus nuair a chualadar an glór chuadar in n-airde ar an gcloidhe mar cheapadar gur Gloster
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. agents (~1)
      1. historical persons (~5,068)
    Language
    Irish
    Collector
    Máire Ní Síthigh
    Gender
    Female
    Address
    Na Gleannta Theas, Co. Kerry
    Informant
    Eoghan Mac Síthigh
    Gender
    Male
    Age
    52
    Occupation
    Feirmeoir
    Address
    Na Gleannta Theas, Co. Kerry