School: Naomh Breandán, Baile na nGall (roll number 14480)

Location:
Baile na nGall, Co. Kerry
Teacher:
Tadhg Ó Caomháin
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0420, Page 415

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0420, Page 415

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Naomh Breandán, Baile na nGall
  2. XML Page 415
  3. XML “Éadaí”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. (continued from previous page)
    bhaint as agus do dh'athaidhís cuid do chun brístí fir. Do deintí lín - eadach leis. Do cairtí an líon ag fás agus baintí lé curráin é. Do chuiridís i bhfíor uisge ar feadh tamaill. Do tógtaí é agus cuirtí os cionn na teine é nó go mbíodh sé tirm agus annsan do bhíodh túairgíní aca chun é thúairgint agus a mhíniú. Do bhíodh úirlis aca ar a dtugaidís an tlú agus bíodh teanga ann agus bhídís á tharrac tríd nó go ndeintí táthanna caola do. Do bhí taisteal aca agus fíacla ann. Do bhídís á bhúaladh san agus á tharrac tríd agus baintí an colg as. Do dheinidís í shníomh leis. Do bhíodh crann acu agus bhíodh ceithre feac as dhá cheann ar an dtalamh
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. objects
      1. clothing and accessories (~2,403)
    Language
    Irish
    Collector
    Tadhg Ó Caomháin
    Gender
    Male
    Occupation
    Múinteoir
    Informant
    Caitlín Ní Ceallacháin
    Gender
    Female
    Address
    Baile na hAbha, Co. Kerry