School: An Bloscaod Mór
- Location:
- An Blascaod Mór, Co. Kerry
- Teacher: Máire Nic Gearailt
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: An Bloscaod Mór
- XML Page 179
- XML “Cailleacha an Dúna”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Ó Mhuiris O Concubhair, an Bloscaod Mór, Dúnchaoin, a fuaireas an scéal so. Tá sé timcheall chúig mbliana is trí fichid d'aois, agus deirtear gur scéal fíor é.Fadó riamh bhí lánamha 'na gcómhnuidhe san Oileán. Ní raibh aon thig eile san Oileán an uair sin acht a dtig féin. Dé mhuinntir Mháirtín ab' eadh iad. Lá amháin theastuig ó'n bhfear dul 'on bhaile mhór ag triall ar lón. Dubhairt sé leis féin go mbeadh sé ag baile fé thuiteam na h-oidhche. D'athruig an uain ar an bhfarraige agus níor fhéad an fear teacht abhaile an oidhche sin. Chaith an bhean fanacht ina haonar ins an tig. Taréis an tsuipéir d'itheadh do'n mnaoi do thosnuig sí ar sníomhadh ar a suaimhneas. I gcaitheamh na hoidhche do bhraith sí an fothrom ag an doras. D'oscladh an doras agus bhuail mór sheisear sean bhan isteach. Do dhruideadar suas leis an sean- bhean agus chromadar ar cabhrú léi; agus ba mhaith chuige iad. Annsan labhair duine acu:—
"A bhean an cháirdín má's cairdín seo ar siubhal agat, cíoraim é, sníomhaim é is fearrde dhuit congnamh d'fhághail."
"Tá'n sibh ana mhaith chun na hoibre agus táim ana bhuidheach duit, do gach duine díbh."(continues on next page)- Informant
- Muiris Ó Concubhair
- Gender
- Male
- Age
- c. 65
- Address
- An Blascaod Mór, Co. Kerry