School: An Bloscaod Mór
- Location:
- An Blascaod Mór, Co. Kerry
- Teacher: Máire Nic Gearailt
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: An Bloscaod Mór
- XML Page 156
- XML “An Gadaí Óg”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Garsún a bhí i mBaile na hAbha agus cailleadh a athair. D'fhiafruig sé d'á mháthair lá an raibh cead aige imtheacht ag tuilleamh shlíghe bheatha do féin. D'fiafhruig sí dhó cé an cheárd go mba mhaith leis dul léi. Dubhairt sé gur le bitheamhantuigheacht.
"Léan náire ort," ars ise, "cad a bhéarfadh gur le bitheamhantuigheacht a raghfá."
"O seadh mar dubhairt mo Dhaid liom é," ar sé.
"Ariú ná fuil do Dhaid caillte," ar sí leis.
"Ar m'anam go ndubhairt mar bhíos ag cainnt leis thiar sa Teampull agus dubhairt sé a rádh leat-sa mé a chur le bitheamhantuigheacht."
Níor chreid sí é dar ndóigh.
"Imthig ort sall agus fiafruig dho é," arsan garsún.
D'imthig sí sall agus chuaidh sí 'on teampull. Ghaibh an mac an cómhgar agus bhí sé sa teampull roimpe. Sheasaimh sí ar chlaidhe an teampuill agus d'fiafruig sí dó "Hé a Phadraig, cad é an cheárd go gcuirfhead Seán léi?"(continues on next page)- Informant
- Muiris Ó Catháin
- Gender
- Male