School: An Bloscaod Mór
- Location:
- An Blascaod Mór, Co. Kerry
- Teacher: Máire Nic Gearailt
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Máirnéalaig Innis Tuaiscirt.Muiris Ó Catháin a thug an scéal seo dhom. Deir sé gur scéal fíor é; agus gur thárla gach rud acu.Bhí fear ag maireachtaint in Innis Tuaiscirt tamall mór maith ó shoin, é féin is a bhean agus inghean dóibh, agus clann mhac.
Lá amháin chuaidh an fear go dtí Dúnchaoin agus níor fhág sé istigh ach a bhean a's a inghean, agus na leanbhaí óga. Tháinig an droch aimsir agus bheir amuigh ar an bhfear.
Aon oídhche amháin is an bhean is an inghean go huaigneach trom-chroidheach (uaigneach ) istigh agus do bhrathadar an chainnt is an cómhradh go léir leas'muigh timcheall a dó a chlog.
I gceann tamaill buaileadh an dorus. D'eirig an t-sean bhean agus d'oscail sí é. Cé bheadh roimpe ach beirt fhear a's níor aithin sí aon duine acu. Cheap sí gur púcaí iad agus siúd ag scréachaig í agus dhúisigh sí na leanbhaí. agus bhí an tig tré chéile.
Béarla a bhí ag na fearaibh agus ní raibh aon fhocal Béarla in Innis Tuaiscirt ná in aon Oileán timcheall air.
Sa deire dheineadar cómharthaí do'n mhnaoi go raibh ocras ortha. Fuair sí béile bídh dóibh, bainne gabhar, arán mine bhuidhe, agus cúpla coinín beirbhthe. B'shin é a mbiadh féin an t-am san leis.(continues on next page)- Informant
- Muiris Ó Catháin
- Gender
- Male