Scoil: Kilmacteige (C.) (uimhir rolla 13944)

Suíomh:
Kilmacteige, Co. Sligo
Múinteoir:
Máire, Bean Uí Chuirnín
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0173, Leathanach 284

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0173, Leathanach 284

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Kilmacteige (C.)
  2. XML Leathanach 284
  3. XML “Scéal - Dómhnall Uí Chonaill”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. (ar lean ón leathanach roimhe)
    mharbhúghadh. Bhí na daoiní go léir ag ól agus ag ithe. Thóg Domhnall a naipcín póca amach chun é a chur ar a ghlúnaibh. Bhí airgead san naipcín agus mar sin thuit an t-airgead ar an urlár. Chrom chuile dhuine fé'n mbord chun an airgid di bhailiú agus nuair a bhí an gnó sin ar siubhal acu d'athruigh Domhnall na cupáin. Thug sé a chupán féin d'fhear eile agus ghaibh sé cupán an fhir sin dó fhéin. Nuair a bhí an féasta caithte acu d'éirigh Domhnall, leig sé air go raibh tinneas air agus d'imthigh sé abhaile; thug sé an cailín aimsire leis agus thug sé spré dí. Nuair a bhí sé imthighthe d'éag an fear a d'ól an tae in a raibh an nimh agus bhí Domhnall agus an cailín aimsire slán.
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Veronica Murphy
    Inscne
    Baineann
    Faisnéiseoir
    John Ginty
    Inscne
    Fireann
    Seoladh
    Kilmacteige, Co. Sligo