School: Cluain an Bhrúnaigh (roll number 13385)

Location:
Cluain Brón, Co. Galway
Teacher:
Máire Ní Ghiobúnaigh
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0075, Page 279

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0075, Page 279

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Cluain an Bhrúnaigh
  2. XML Page 279
  3. XML “Scéal Eile”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. Fadó bhí fear bocht in a chomhnuidhe i Dúithche Seoighe. Ní raibh se indon aon obair a dhéanamh, agus ní thiubhradh na daoine aon congnamh dó. Oidhche amháin chuaidh sé a chodhladh, agus ní raibh mar suipéir aige, ach cupán bainne.
    Bhí brianglóid aige, agus cheap sé go raibh pota óir ar Droichid Luimneach. Bhí an brionglóid sin aige oidhche in a dhiaidh a chéile. An lá d'ár gcionn chuaidh sé go Luimneach. Casadh fear leis ar an Droichead. D'innis an fear bocht a sgéal dó.
    Stad an fear ar feadh cúpla nóiméid agus annsin dubhairt sé go raibh bríongloid aige féin, agus cheap sé go raibh pota óir o móta i Dúithche Seoighe, agus go raibh sé faoí sceic geil, ar bhruach abhann. Bhíos ag an fear bocht go raibh an móta sin in a thalamh féin, agus dubhairt sé leis an bhfear gur imtigh an chrann le stoirm bliantaibh roimhe sin, mar bhí eagla air go mbeadh an fear eille ann roimhe féin, agus go mbeidh an pota óir aige.
    Chuaidh an fear bocht abhaile go tapaidh, agus nuair shroich sé a theach féin chuaidh sé go dtí an móta. Thosuigh sé ag déanamh puill agus ní fada go dtáinig sé ar phota. Bhí an pota lán le óir agus bhí athas mhór ar an bhfear.
    Tamall maith in a dhiaidh sin, tháinig tinncéir isteach san teach agus ar seisean "Is aisteach an rud atá sgríobhtha ar thaobh an phota sin. "Ní raibh an fear indon léigheadh agus
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. genre
      1. belief (~391)
        1. folk belief (~2,535)
          1. treasure legends (~7,411)
    Folktales index
    AT1645: The Treasure at Home
    Language
    Irish
    Collector
    Sorcha Ní Shúilleabháin
    Gender
    Female
    Address
    Cluain Brón, Co. Galway
    Informant
    Máire Ní Shúilleabháin
    Relation
    Parent
    Gender
    Female
    Age
    47
    Occupation
    Oibrí tí
    Address
    Cluain Brón, Co. Galway