School: Cluain an Bhrúnaigh (roll number 13385)

Location:
Cluain Brón, Co. Galway
Teacher:
Máire Ní Ghiobúnaigh
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0075, Page 307

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0075, Page 307

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Cluain an Bhrúnaigh
  2. XML Page 307
  3. XML “Cluichí”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. Nuair nach mbíonn aon rud eile le déanamh ag na páistí bíonn cluichí acu le n-imirt. Seo iad na cluichí is mó a bhíonn acu. "Luarabog Lárabog", "An Fáinne" "Ganndailín Dearg" agus "Fidil Feadal". Seo í an caoi a imrigheann siad an "Fháinne" Ar dtús suidheann na páistí thart timcheall na teineadh agus dúnann siad a súile. Leigeann duine acu an fáinne thart. agus annsin déanann na páistí buile fá thuairim cé aige a bhí an fáinne. An té a bhéas an freagra ceart aige leigeann sé féin an fáinne thart.
    Bíonn na cailíní ag imirt "Fuinneóga Arda" amuigh fán aer. Seo í an caoi a imrigheann siad é. Bíonn na malraigh i ngreim láimhe agus duine ag rith isteach is amach eatorra. Bíonn duine ag rith in a dhiaidh an céad duine go bhfaghann sé greim air. Seo píosa cainnte a bhíos acu.
    "Chaill mo mháthair mór snáthad annso indé"
    'S ní bhfuigheadh sí é gan ceapaire áráin"
    Bíonn am fé leith ag na daoine i gcóir Caitheamh Aimsire go mór mhór sa Samhradh agus sa bhFoghmhar. Bíonn na cailíní ag piocadh bláth agus ag déanamh bláth-fleascanna sa Samhradh Bíonn spóirt mór acu freisin ag piocadh cnó agus sméara sa bhFoghmhar.
    Bíonn cliabháin éin dhá dhéanamh ag na buachaillí sa nGeimhreadh chun breith ar na h-éanlaith.
    Siad na cluichí is mó a imrigheann siad timcheall na teineadh ná "Ganndailín Dearg" "Luarabog Lárabog" an"Fáinne" agus Cártaí. Bíonn 'Fidil Feadal' cluiche dá n-imirt acu anois agus arís. Seo píosa cainnte a bhíonn's againn agus
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. activities
      1. social activities (~7)
        1. entertainments and recreational activities (~5,933)
    Language
    Irish
    Collector
    Sorcha Ó Shúilleabháin
    Gender
    Female
    Address
    Cluain Brón, Co. Galway
    Informant
    Máire Ní Shúilleabháin
    Relation
    Parent
    Gender
    Female
    Age
    47
    Occupation
    Oibrí tí
    Address
    Cluain Brón, Co. Galway