School: Cluain an Bhrúnaigh (roll number 13385)

Location:
Cluain Brón, Co. Galway
Teacher:
Máire Ní Ghiobúnaigh
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0075, Page 323

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0075, Page 323

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Cluain an Bhrúnaigh
  2. XML Page 323
  3. XML “An Chuigeann”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. Tá meadar againn sa mbaile. 'Cuinneóg' a tugtar mar ainm air. Tá sé dha throigh ar aoirde. Tá sé troigh go leith ar leitheadh in a bhun, agus troigh in a bhárr. Rinneadh é deich mbliadhna ó shoin. Tá a lán gleasanna inntí agus seo iad, loithne, clár, claibín, agus an cuinneóg féin. Ní chuirtear aon mharcanna ar an gcuinneóig.
    Déantar maistreadh dhá uair sa seachtmhain sa Samhradh agus uair amháin sa nGeimhreadh. Déanann mo mháthair an cuigeann agus cabhruigheann muid féin léithí. Má thagann strainséar isteach agus an chuigeann da dhéanamh buaileann sé greas air ionnus nach dtuibradh sé an t-im leis. Bíonn an cuigeann dhá dhéanamh ar feadh leath-uaire leis na lamhaibh déantar an cuigeann. Oibrightear an loithne síos suas nuair a bhíos an cuigeann dá dhéanamh.
    Nuair a bhíos an cuigeann déanta tagann cnapóga beaga ime ar a bhárr. Tógtar as an gcuinneóig annsin é, agus nightear é le uisge úr. Cuirtear salann annsin air, agus leagtar in áit nach bhfuil ró-the é, ionnus go mbeidh blas deas air le n-ithe. Tugtar cuid den bláthach do na cearca annsin, óltar cuid eile, agus déantar cacaí as an gcuid eile.
    Chuala mé sgéal i dtaobh bean a bhí ag déanamh cuiginn uair. An fad is a bhí sí dá dhéanamh buail bean tincéara isteach is níor bhuail sí greas ar an gcuigeann. D'imthigh sí leithí arís, agus ar feadh i bhfad ní raibh aon im ag teacht ar an mbainne. Thosuigh an t-im ag teacht annsin acht níor tháinig an méid is ba cheart. Dubhairt na daoire annsin gur thug an
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. activities
      1. economic activities
        1. agriculture (~2,659)
          1. butter and churns (~3,280)
    Language
    Irish
    Collector
    Sorcha Ní Shúilleabháin
    Gender
    Female
    Address
    Cluain Brón, Co. Galway
    Informant
    Máire Ní Shúilleabháin
    Relation
    Parent
    Gender
    Female
    Age
    c. 47
    Occupation
    Oibrí tí
    Address
    Cluain Brón, Co. Galway