Scoil: An Cnoc (Leitir Mór)

Suíomh:
An Cnoc, Co. Galway
Múinteoirí:
Bríd Puirséal Máire, Bean Uí Dhuibheagáin
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0070, Leathanach 158

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0070, Leathanach 158

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: An Cnoc (Leitir Mór)
  2. XML Leathanach 158
  3. XML “Seán agus an Rí”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. (ar lean ón leathanach roimhe)
    Seán ag fosaidheacht ann. Bhí aon gharraidhe amháin agus dubhairt an fear le Seán na beithidhigh a ligeann i 'chuile gharraidhe ach ann. "Deanfaidh sin" arsa Seán. ach ní mar sin a bhí. Chonnaic Seán go raibh míos mó féir sa ngarraidhe seo ná mar bhí ins na garrantaibh eile, agus go raibh go leor crainnte ag fás in a lár. Bhí teach ann agus triúr fathach in a gcomhnuidhe ann.
    Rí a bhí i bhfear na mbeithidheach agus nuair a bhí sé imthighthe sgaoil Seán an beithighigh isteach i ngarraidhe na bhfathach, ach ní raibh siad i bhfad ann nuair a chuir sé amach aríst iad. Nuair a tháinig an tráthnóna thug sé abhaile iad nó go mblightí iad. Nuair a thagadh an tratnóna i gcomhnuidhethosuigheadh na fathaigh ag feadghail.
    Nuair a d'imigh Seán aríst an lá 'na dhiaidh sinleig sé na beithidhigh isteach i ngarraidhe na bhfathach. D'fhág sé an iad go dtáinig fathach amach agus dubhairt sé le Seán an beithidhigh a chur amach. Níor thug Seán aon áird air. Chuaidh an fathach isteach agus thug sé amach a chlaidheamh. Dubhairt sé le Seán é féin a chosaint. Chuaidh Seán anonn, rug sé ar an gclaidheamh ón bhfathach agus bhain sé an cloigeann dhe. Nuair a bhí sé sin deanta aige mharbhuigh sé an
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Teanga
    Gaeilge