School: Scoil Chuimín (roll number 4786)

Location:
Pollagh, Co. Galway
Teacher:
Gearóid R. Ó Laidhigh
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0066, Page 238

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0066, Page 238

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Scoil Chuimín
  2. XML Page 238
  3. XML “Scéal - Spailpíní Chonamara”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. (continued from previous page)
    an triúr fear amach an doras agus d'imthigh siad ar a mbealach go Gaillimh.
    Bhí bean an tighe ag siubhal timcheall an tíghe go dtainic a fear isteach agus rug sí air.
    "Tá tú agam faoi dheire thiar thall" ar sise.
    "Sábhail a Dia Sinn" ar seisean "Tá sí as a meabhair" agus chuir sé fios ar an sagart agus ar an dochtuir. Bhí sí dona go leor an oidhche sin go bharr ré reilicán a thainic in a ceann i ngeall ar an meid suibhail a rinne sí timceall na cisteanaighe ag tornigeacht (?) na spailpíní. Bhí sí ar fheabhas airíst lá ar na báireach.
    Dimthigh na spailpíní leo go dtainic siad chomh fada le Magh Uilinn agus chuaidh siad isteach i dteach ósda annsin agus ghlaodhadar ar dhinnear. Tugadh dóibh é agus neart le n-ól. Núair a bhí an dinnear ithte aca sheas duine aca suas agus labhair sé mar seo le bean an tighe:-
    "Bí an dinneár ar fheabhas" ar seisean agus ní bréág ar bith a radh go raibh an t-ól go maith acht dfeadfadh sé a bheith i bhfad níos fearr, agus le teasbaint duit, a bhean choir, go bhfuilmid buidheac duit deanfadidh mise braindí agus uisge beatha agus fion, agus
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Folktales index
    AT1731: The Youth and the Pretty Shoes
    Language
    Irish