School: Scoil Chuimín (roll number 4786)
- Location:
- Pollagh, Co. Galway
- Teacher: Gearóid R. Ó Laidhigh
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)Chuir an sean taoiseach failte roimh an bhfear óg, acht d'fhreagair an Burcach Óg é go feargach agus go nimhneach. Chaith sé an corn dighe ar an urlár, nocht sé a chlaidheamh, agus shiubhal sé go bagarthach i dtreo an tsean taoisigh. Labhair an sean toiseach leis, agus dubhairt leis gan a theacht nios giorr dhó. Acht mo léun! ní raibh a fhios ag an bhfear óg go raibh sé 'na sheasamh ar "Leac na Feille". Tharraing sé a chlaidheamh agus chas sé é mar bheadh sé ag iarraidh an sean taoiseach a ionnsuidhe. Ní dhearna an sean taoiseach acht a chos a bhrúghadh ar chnap a bhí san urlár gur chas an leac, "Leac na Feille"; ar a raibh an fear óg 'na sheasamh, timceall gur thuit an t-oighre og síos san abhainn, An Drimnín, a bhí ag rith, agus atá fós, faoi Seomhra na bhFleadh sa gCaislean. Bathadh é.Théis uaire a chluig tógadh an corp agus di-ceannadh é. Cuireadh an cloigeann isteach i mála agus diarr an Sean taoiseach ar an mac ba shine a bhí aige an ceann a thabhairt do Chaisleán Tire OIlean ag an Iarla Ruadh. Deithigh sé a dheunamh. Deitigh an dara mac freisin, acht dubhairt an mac a b'oige go ndeanfadh sé féin é acht capall a athar "Díles" d'fhail. Gealladh do í agus talamh agus caislean agus maoin a athar(continues on next page)