School: Scoil Chuimín (roll number 4786)

Location:
Pollagh, Co. Galway
Teacher:
Gearóid R. Ó Laidhigh
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0066, Page 126

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0066, Page 126

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Scoil Chuimín
  2. XML Page 126
  3. XML “Pósaithe”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. (continued from previous page)
    naoi a chlog maidin lá ar na bharach.
    Sul a mbeadh an margadh socruighthe do bhiodh "Oidhche an Iarraidh" ann. Le go mbféidir go mbíodh gach rud socruighthe ar aonach nu ar mhargadh ní bhiodh sé ádhamail gan "Oidhche faoi Leith" a chaitheadh ag teach na mná oige. An tIarraidh a bhí ar an oidhche seo. An fear óg agus a mhuinntear a thagadh ag teach na mná óige ag iarraidh na mná oige ar a h-athair. Bhiodh damhsa agus ceol aca agus neart le nithe agus le n-ól, acht ní bhiodh moran daoine ann acht na gaolta ar an dá thaoibh.
    Dá mbeadh an bhean óg sásta agus a mhuinntir leí, do bhiodh an tarna oidhche ann. Oidhche an Chleamhnais. Ag teach na mná oige do bhiodh an oidhche seo freisin, agus na daoine ceudna a bhiodh ann. Bhiodh an fear óg go curamach "Dligheadóir" crionna a thabhairt leis le "brabac maith" a bhaint amach. Bhiodh an spré socruíghte ata an oidhche seo - idir airgead, beithí agus caoraigh - cuid den airgead shios an oidhche sin - agus cuid de théis bliadhna - an oiread seo dá mba mac a bheadh ann - a leath sin da mba ingean a thiocfadh ar an saoghal - dá mba rud é nach mbeadh clann ann "I n-ám nadúrtha reasunta" ní biodh aon airgead le fail ag an bhfear og acht amhain a meid a fuair sé Oidhche an Chleamhnais.
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. genre
      1. poetry
        1. folk poetry (~9,504)
    Language
    Irish