School: Scoil Chuimín (roll number 4786)

Location:
Pollagh, Co. Galway
Teacher:
Gearóid R. Ó Laidhigh
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0066, Page 125

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0066, Page 125

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Scoil Chuimín
  2. XML Page 125
  3. XML “Pósaithe”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. Nuair a bhí mise mo ghasúr, agus go deimhin anuas go dtí 15 blína o shoin bhiodh an posadh deanta san tráthnona, nu ámannta i dtuitim na h-oidhche. Thagadh an fear agus a mhuinntir féin, (na daoine go mbeadh cuire faighte aca theacht ag an mbainfeis) go teach na mná oige. Bhiodh neart le nithe agus le n-ól le fáil annsin ag chuile dhuine - muinntir an fhir, agus lucht na mná oige, caranna agus capalla diallaidh a bhiodh aca. Rachaidís annsin ag an Seipéal agus bhiodh an pósadh déanta. Abhaile leo annsin go teach an fhir. Neart le nithe agus le n-ól airíst. Mara mbeadh fataí, gabaisde agus muicfheoil le fáil, neart poitín agus leanna ní bhíodh na daoine sásta, nu aon ghaisgeadh leis an oidhche.
    Nuair a bhiodh an suipear reidh (agus do bhiodh tae aca theis an dinnéar) thosuigeadh an damhsa. Níor mhor piobaire agus faífeadóir agus beidhleadóir a bheidh ann ar ardán nu ar bhord mór fada. Bhiodh duine nu beirt ag dul timceall an tighe nu an scioboíl i rith na h-oidhche ag stealladh amach poitín - le cruiscin mór agus gloine. Fear eile in a dhiaidh le canna mór leanna na laimh chle agus "mug" in a lamh dheis. Leanadh an damhsa go maidin nu go mbiodh na ceoltóirí ar meisge. Is minic a chonnaic mé an damhsa ar siubhal go dtí an
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. genre
      1. poetry
        1. folk poetry (~9,504)
    Language
    Irish