School: Scoil Chuimín (roll number 4786)

Location:
Pollagh, Co. Galway
Teacher:
Gearóid R. Ó Laidhigh
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0066, Page 103

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0066, Page 103

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Scoil Chuimín
  2. XML Page 103
  3. XML “Cineál a Chána”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. (continued from previous page)
    tada gleásta rómpa le n'ithe. Bhí a mathair ar an leabaidh agus mhionnaigh sí nach ngleasfadh sí blas ar bith bidh doibh go mbainfeadh siad sásamh amach di as ucht an masladh do chaith Clanna Congaile leí. D'innis sí a thárla doibh, agus amach leo, a gcroidhe lán le dioghaltas do bhaint amach de Clanna Congaile.
    Níor stadadar in a dtriall gur shroiseadar teach agus arus an t-Abb Ua Congaile, * athair na mbuacaillí a d'imir an cleas naíreach ar a máthair. Ní raibh aon dhuine sa teach rompa, acht cailin aimsire, agus an t-athair féin, an t-Abb sean fhear a bhí os cionn na ceithre scór bladhain d'aois. D'iarr Muinntear Ui Concúbhair ca raibh na fir oga, agus d'freagar an cailin aimsire go ndeachadar ag fiadhach t-imeall Locha Coirib, taobh le Doirín na Paírce. D'imthigh na Concubhaireaha ar a dtoir gan tuille moille. Ar chlois don sean-fhear don Abb cé bhi ann agus an cuntas a thug an cailin aimsire dóibh glac sé bron agus trom chroide. Dubhairt sé "Marbhochaidh siad mo chlann mhac - ní beidh duine aca beo cun mé a thabhairt chun cille." Ce nach raibh fiacal ina a charbad
    * Leas ainm, b'feidir
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. place-space-environment
      1. local lore, place-lore (~10,595)
    Language
    Irish