School: Scoil Chuimín (roll number 4786)

Location:
Pollagh, Co. Galway
Teacher:
Gearóid R. Ó Laidhigh
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0066, Page 102

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0066, Page 102

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Scoil Chuimín
  2. XML Page 102
  3. XML “Cineál a Chána”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. (continued from previous page)
    go dtí an uaigh agus d'eirigh argóint agus bruígin eatorra. Doirteadh fuil agus briseadh cloigne ann agus leis an t-uabhas a bhí ar an dá dhream is gearr go raibh 'na chogadh dearga eatorra. Pe dream aca a chuir an corp bhí easontas idir an dá dhream as sin amach.
    Lá amhain, a raibh clann mac de Clann Choncubhair amuigh ag fiadach, thárla go raibh Clanna Congaile ag fiadhach an lá ceadna. Bí fios ag Clanna Chongaile go raibh Clanna Concubhair as baile, agus thainic siad, iad fein agus a gcuid madraí chuig teac Cloinne Choncubhair. Ní raibh aon dhuine sa teach acht an sean bhean agus cailin aimsire. Bhiodar a' deunamh maistreadh an lá ceudna agus d'iarr Clanna Chongaile deoch ar an tsean mhnaoi. Dubhairt sise leo go dtiubradh sí an deoch dóibh agus failte, acht fanacht go mbeadh an t-ím togtha aici. Le neart feirge agus le droch intinn d'óladar a sáith den bhainne agus dóirteadar an chuid eile, idir bláthach agus im ar an urlár dá gcuid madraí. Lasgadar leo annsin ar an bhfiadhac airíst.
    Ar theacht abhaile do Clanna Concubhair an tráthnona sin, ní raibh
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. place-space-environment
      1. local lore, place-lore (~10,595)
    Language
    Irish