School: Caladh na Muc

Location:
Callownamuck, Co. Galway
Teacher:
-
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0065, Page 056

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0065, Page 056

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Caladh na Muc
  2. XML Page 056
  3. XML “Leigheasanna”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. (continued from previous page)
    Tinneas fiacail:- Fadó nuair a bhíodh tinneas fiacail ar dhuine beireadh na daoine greim air len a chosa agus d'iompuightí bun ós cionn é chun a leigheas.
    An Trioch:- (1) Má chasann fear ort le capall bán is féidir leat léigheas d'fhághail uaidh ar an trioch.
    (2) An bainne a fhágas an firéidh 'na diaidh gan blaiseadh.
    Borradh Péist:- Tá leigheas ag an seachtmhadh mac i gcóir borradh péiste.
    Dealg i do láimh nó i do chois:- Chroch píosa de theangain mhada ruaidh ar an mballa ar feadh cúpla lá. Annsin cuir isteach in uisge nach bhfuil ró the ná ró-fhuar go dtí go mbíonn sé bog. Annsin chuir ar an áit 'na bhfuil an dealg é agus tarrnóichaidh sé amach é.
    Plait:- Nuair éirigheas duine plaiteach má chuimileann sé sail na broiche ar an bplait fásfaidh an ghruaig ath-uair.
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. activities
      1. medical practice
        1. folk medicine (~11,815)
    Language
    Irish