School: Leath-bhaile
- Location:
- Levally, Co. Galway
- Teacher: Séamus Ó Maoldhomhnaigh
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Leath-bhaile
- XML Page 242
- XML “Scéal an Gobán Saor”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)mo chisteanaigh. Cé'n tainm atá air. "Well cuirfhidh mise mo mhac féin", adeir a gubán, "na choinnigh"'. "Ni chuirfhis", adeir sé, "fan thusa is do mhac annseo. Cuirfhidh mise mo mhac fhéin na choinnigh, cé in t-ainm atá air". Tá "cor in aghaidh a' chaim agus cam in aghaidh a coir, agus coinnigh go dtigidh". Bhí sé ag imtheacht is a' síor imteacht gur thainic sé ag teach a' ghubáin. Bheannuigh sé isteach sa teach. Gearruigh (D'fhiafruigh) an bhean dhé cérbh é a ghraithe. D'innsigh sé go bean a' tighe gurbh é "cor in aghaidh an chaim agus cam in aghaidh a' choir agus coinnigh go dtighidh" a theastuigh uaidh. Fuair sí stól dhó annsin agus dubhairt sí leis fhéin é fhághail. Sheas sé suas ar an stól annsin agus chroch sé an clár gen comhra mór, ach nuair a fuair sise ar an stól é agus é a' cur a lámh síos go tón a' chomra bheir sise greim dhá chois air agus chaith sí isteach sa gcomhra é. Bhuail sí anuas an clár agus chas sí an yeochar (eochar) air. Fan thusa annsin, adeir sí, go dtagaidh mo mhuintir-se abhaile ar ais.
Ghabh siad san an áthachán
Is chuaidh mise an' clocán
Báitheadh iad san is tháinig mise. Séamus Ó Maoldomhnaigh - oide sgoile Leath bhaile - a sgríobh síos. Tuaim, Co. na Gaillimhe- Collector
- Séamus Ó Maoldhomhnaigh
- Gender
- Male
- Occupation
- Múinteoir
- Address
- Levally, Co. Galway
- Informant
- Seán Ó Mainnín
- Gender
- Male
- Age
- 70