School: Leath-bhaile

Location:
Levally, Co. Galway
Teacher:
Séamus Ó Maoldhomhnaigh
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0018, Page 256

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0018, Page 256

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Leath-bhaile
  2. XML Page 256
  3. XML “An Nollaig”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. Dá lá déag na Nodlag an séamhadh lá de Eanair, Oidhche Nodlag an oidhche roimh lá Nodlag. Lá l’ Stiopháin an lá i ndiaidh lá Nodlag agus Oidhche cinn bliadhna an oidhche roimh lá Nodlag béag. Lá Nodlag bíonn féasta mór i ngach teach. Bíonn gé agus franncach aca.
    Lastar dá coinneal déag an oidhche roimh Dá Lá déag na Nodlag. An céad coinneal a múchann is comhartha é go bhfuighfeadh an duine ar leis an coinneal sin bás roimh na daoine eile de na líon-tighe. Teigheann buachaillí ó theach go teach lá l’ Stiopháin. Le (geibeann) dreoilín in omós de Naomh Stiopháin. Gheibheann siad airgead i ngach teach. Lastar coinneal i ngach seomra Oidhche Nodlag, Oidhche cinn bliadhna agus Oidhche Dá lá dhéag na Nodlag. Lá na leanbh agus (oidhche) lá crosta na bliadhna an ochtmhadh lá fichead de Nodlag. Ní cóir obair a thosuigh, ná pósadh an lá sin. Lá na lóin a tugtar ar an lá in dhiaidh sin. Deirtear “go mbeirimid beo ar an am seo arís”, agus “Go mbeidh sláinte agus sógh i n-ar seilbh go deo”, Oidhche Nodlag. Oidhche Nodlag, Oidhche cinn bliadhna agus Oidhche Nodlag beag bíonn suipéar maith againn. Bíonn tae, a lán cácaí milse agus cáca Nodlag.
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. events
      1. events (by time of year) (~11,476)
        1. Christmas (~455)
    Language
    Irish
    Collector
    Maighréad Bhreathnach
    Gender
    Female
    Address
    Claddagh East, Co. Galway
    Informant
    Padraic Bhreathnach
    Relation
    Parent
    Gender
    Male
    Age
    70
    Address
    Claddagh East, Co. Galway