Scoil: Cill Cruain (C) (uimhir rolla 11187)
- Suíomh:
- Ballyglass South, Co. Galway
- Múinteoirí: Brighid Ní Náradaigh Cáit Bean Uí Standúin
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Cill Cruain (C)
- XML Leathanach 377
- XML “Na hAonaigh”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Is i mBeál Atha Mógha a bhíonns na h-aonaig sa gceanntar seo. Bíonn aonac ann gach cúpla mí. Aonaigh buar agus úaireannta aonaigh caóra a bhíonns ann.
Bíonn aonach mór i nGleann na mBá nDubh le h-aghaidh mhuc ar an Diardaoin deireannac de gach mhí. Is i gCaisleán Riabach a bhíonns na h-aoinaigh is mó ins an roinn tíre seó. Bíonn aónac ann do beitidheac ar an triomhadh Aoine de gach mhí.
Fé láthair má tá éileamh mait ar eallaigh teigheann na ceannuightéoiri chuigh an bfeiliméar a mbíonn na beitidhigh is reamra aige agus tugann sé lúac maith dó. Annsin díolann sé féin iad ag an t-aonach agus geibeann se cúpla sgilleaca brabac ortha. Níor chuala mé go mbéadh na ceannuightéoirí ag ceannacht agh áir ar bit acht ag na h-aonaigh.
Sé aonac nac Shamhna i nGleann na mBá nDub an priomh aonach ar fad sa mbliadhain san áit sin. Bíonn aonach mór le beithidigh i gCaisléan Riabhac i mí D' Fóghmhair gac Bhlíadhain, sé sin le(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Máire Ní Caomhánaigh
- Inscne
- Baineann