Scoil: Cill Cruain (C) (uimhir rolla 11187)
- Suíomh:
- An Baile Glas Theas, Co. na Gaillimhe
- Múinteoirí: Brighid Ní Náradaigh Cáit Bean Uí Standúin
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Cill Cruain (C)
- XML Leathanach 378
- XML “Na hAonaigh”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)rádh go mbíonn an t-áonhac sin nios láidre ná na h-aonaig eile sa mbliadhain.
Cúala mé tráct ar áonach mór a bhíodh ag na daoine i nGleann Uisge timchrall céad go leith bliadhain o shoin. In ionadh an áonaig a bhíonns acu i mBéal Atha Sluag bhíodh se í nGlinn Uisge. Tagadh na ceannuightheóirí bá mhó sa tír ar fad ann agus bhíodh láethe mhóra achu.
Bhíodh áonac mór i gCill Ciúligh i bpáirc atá i dtalamh Mhic Úi Chaomhánaigh. Tugtar "Clais an Aifrinn" nó "Poll an Aifrinn" ar an bpáirc sin. Aonac capall a bhíodh ann agus dhíoltaoí a lán capall ann. Bhíodh sé ann i mí na Shamhna gach bhliadhain go dtí an bhlíadhain 1848.
Fadó bhíodh aonach mór muc i mBeal Atá Móga agus bhíodh cómhriac idir na fir ann ar lá Fhéile Bhríghde. Chúala me faoi feár a bhí ag an aonaig sin agus a rinne rud éiginn ás an mbéalac. Ghabh na gárdai e agus é ar a bhéalach abhaile. Bhíodar ag dul fe dhéin na barraice. leis, nuair a tháinig chuid dá cómharsan súas leó ag lios atá i dtalamh Seain Uí Muireagáin ar a dtugtar "Lios a mharbhuigheadh Ceadta" air. Rinne na daoine trois uathbhásach leis na(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Máire Ní Caomhánaigh
- Inscne
- Baineann